Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa
Clár na Scoile Gníomhaí

Spriocanna an tionscnamh Brat na Scoile Gníomhaí:

CUR CHUN CINN – Gníomhaíocht fhisiciúil ar bhealach spraoíúil, dearfach agus cuimsitheach

DREASAIGH – Scoileanna le bheith páirteach i bpróiseas féinmhachnaimh, pleanáil gníomhaíochta agus comhoibriú ar leibhéal na scoile uile

TACAÍOCHT – Tacú do scoileanna chun straitéisí a shainaithint chun an lá scoile a fhuinnmhiú agus chun am suaite a laghdú

SPREAGADH – Spreagadh do scoileanna chun a gcláir Corpoideachais a neartú agus litearthacht fhisiciúil a chur chun cinn

SOLÁTHRÚ – Guth, spás, tionchar agus lucht féachana a sholáthrú do mhic léinn a bhfuil chun páirt a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta a scoile

CUMHACHTAIGH – Scoileanna a chumhachtaigh chun comhpháirtíochtaí a fhorbairt, agus a neartú, le tuismitheoirí, le heagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta

GINIÚINT – Líonra tacaíochta do scoileanna a ghiniúint ina ndéantar sárchleachtas, nuálaíocht agus tionscnaimh rathúla a thaispeáint, a dhearbhú agus a roinnt

TREOIR – Go gcruthóidh scoileanna a gclár oibre sonrach féin le haghaidh cleachtais ghníomhaíochta coirp cothaithe

COMHOIBRIÚ – Comhoibriú le scoileanna, eagraíochtaí náisiúnta agus grúpaí saineolaithe chun a chinntiú go leanann ASF ar aghaidh ag soláthar tairbhí do scoileanna

Corp Oideachas

Cuirtear ard-chaighdeán Chorpoideachais ar fáil dár ndaltaí uile anseo i Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa. Bíonn ar a laghad 60 nóiméad de chorpoideachas sa tseachtain ag gach rang.

Plean Scoile Corpoideachais suas chun dáta ag an scoil, in éineacht le mír a bhaineann le Corpoideachas cuimsitheach le cinntiú gur féidir le gach dalta leas a bhaint as an gclár Corpoideachais. Tá clár ama/ghréille bhliantúil chaighdeánaithe sa plean, áit a n-aontaíonn na múinteoirí go léir go múinfidh siad an snáithe céanna den Chorpoideachas ag an am céanna. Glacann an scoil le cur chuige scoil iomlán maidir le múineadh Scileanna Bunúsacha Gluaiseachta (SBG) mar chuid den chlár Corpoideachais. Tá scileanna bunúsacha gluaiseachta difriúil comhshnaidhmthe againn le múineadh mar aon leis an snáithe Corpoideachais do gach mí. Bíonn cothrom ama trasna na snáitheanna go léir sa churaclam corpoideachais ag gach rang: Oiliúint Uisce, Lúthchleasaíocht, Damhsa, Cluichí, Gleacaíocht agus Gníomhaíochtaí Lasmuigh & Gníomhaíochtaí Eachtraíochta.

Tá iniúchadh suas chun dáta déanta againn ar an trealamh Corpoideachais/spóirt & tá an trealamh sásúil, aois-oiriúnach chun na snáitheanna Corpoideachais a mhúineadh. San áireamh, tá trealamh speisialaithe spóirt le freastal ar pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Tá sé seo go léir á stóráil le lipéid sholéite i seomra stórais faoi leith, ina bhfuil sé éasca teacht ar an trealamh.

Úsáideann na múinteoirí Curaclam Bunscoile an Chorpoideachais agus Treoirlínte Corpoideachais an Mhúinteora chun a bpleanáil Chorpoideachais a threorú, chomh maith le pleananna ceachta TSB (Tionscnamh Spóirt i mBunscoileanna) (Primary School Sports Initiative (PSSI)) mar acmhainn agus mar thacaíocht le cinntiú go gcuirfear curaclam Corpoideachais ar fáil atá leathan agus cothrom do gach aoisghrúpa. Úsáideann na múinteoirí acmhainní Gluais go maith, gluais go minic (PDST) (PDST Move Well Move Often ) chun scileanna bunúsacha gluaiseachta a chur chun cinn agus iad ag múineadh snáitheanna éagsúla Corpoideachais. Baintear úsáid as Sosanna Gníomhacha sa rang & lasmuigh go minic i ngach rang & úsáidter áiseanna ar nós Sosanna Spleodracha, 10@10, Cosmic Yoga, Go Noodle chun tacú le seo.

Pléitear dul chun cinn gach linbh sa Chorpoideachas ag cruinnithe tuismitheoirí/múinteoirí & i dtuairiscí scoile an linbh. Spreagtar na tuismitheoirí chun a bpáistí a bheith páirteach i bhfoirne agus i gclubanna áitiúla. Moltar do mhúinteoirí na scoile tabhairt faoi chúrsaí FGL chun cáilíocht na gceachtanna corpoideachais atá á múineadh inár scoil a fhorbairt tuilleadh.

Gníomhaíocht Choirp

Bíonn dhá shos in aghaidh an lae ag na páistí i gclós na scoile nó sa ghort. Tá clós na scoile zónáilte le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla/ aoisghrúpaí éagsúla, marcáilte go soiléire ar an talamh sa chlós & a spás féin ag gach rang le linn am sosa. Cuireann an scoil oiliúint ar daltaí le bheith ina gceannairí i gclós na scoile. Tugtar Corpoideachas breise nó am clóis breise do na ranganna mar chúiteamh ar obair & dea-iompar.

Cuireann an scoil an teachtaireacht chun tosaigh gur gá do pháistí gníomhaíocht choirp 60 nóiméad a dhéanamh gach lá. Úsáideann gach múinteoir sosanna gairide gníomhaíocht choirp mar chuid de ghnáthamh an lae & déanann múinteoirí ranga iarracht comhfhiosach chun nach mbeidh na daltaí ina suí ar feadh tréimhsí fada.

Ghlacamar páirt sa dúshlán 4 seachtaine ‘Gníomhach Gach Lá’ le roinnt blianta anuas & baintear ard-taitneamh & tairbhe as. Ghlacamar páirt sa dúshlán 4 seachtaine ‘Rith Timpeall na hÉireann’, ‘Rith Timpeall na hEorpa’, sa dúshlán scipeála ‘Dreap na hAirdí’ & dhear ranganna a dtionsnamh reathaíochta féin.

Eagraíonn an scoil Seachtain Ghníomhach gach bliain a bhíonn an-taitneamhach. Bíonn imeachtaí gníomhaíocht choirp mar chuid d’imeachtaí & féilte na bliana: Rith Spraoí na Nollag/Discó Oíche Shamhna/Paráid sa Pháirc Lá ‘le Pádraig/Tóraíocht taisce na Cásca/Damhsa Sheachtain na Gaeilge/Rian Sheachtain an Mhata & féilte/ócáidí eile eile na bliana go minic.

Agus turais scoile á bpleanáil cuirtear gníomhaíocht choirp san áireamh. Eagraítear Lá Spórt ar shlí chuimsitheach, ionas go mbeidh seansanna ag gach duine a bheith páirteach i ngníomhaíocht choirp taitneamhach i rith an lae.

 

Maraon leis na h-imeachtaí éagsúla a bhíonn ar siúl sa scoil ó lá go lá & ó sheachtain go seachtain chun an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn, bíonn trí príomh-imeachtaí go nglacann ‘chuile rang páirt iontu:

  • Sos Gníomhach Gach Lá’ (Samhain/Nollaig)

Glacann gach rang páirt i bhfeachtas náisiúnta sosanna gníomhacha ó Samhain go Nollaig. Glacaimid sos ón obair scoile agus bímid gníomhach go fisiciúil lasmuigh nó lastigh ar feadh ar tamaill, 5 nóiméad ar a laghad gach lá. Baineann na leanaí an-sásamh go deo as! Líonann na leanaí cairt leis na gníomhachtaí go léir atá á dhéanamh acu & crochann ar dhoras an tseomra ranga é le feiscint ag gach éinne a théann thar bráid.

Sosanna Lasmuigh: m.sh.: Rith, Míle an Lae, Scipeáil, Cluichí sa Chlós Súgartha, Garaídóireacht, Ceol sa Chlós, Siúlbhealach &rl.

Sosanna Laistigh: m.sh.: Sosanna Spleodracha, Just Dance, Cleachtaí 10@10, Go Noodle, Ióga Cathaoireach, Ióga Cosmach, Bí Gníomhach sa Seomra Ranga, &rl.

 

  • ‘Rith Timpeall na hÉireann’

 (Márta/Aibreán)Thar 4 sheachtain, tugann gach rang cuairt ar áiteanna iontacha, spéisiúla in Éirinn tré feachtas na Scoile Gníomhaí. Is féidir siúl, rith nó rolladh chuig áiteanna ar fud na hÉireann atá mar dhíol suntais. Tá a fhios againn go gcabhraíonn gníomhaíocht choirp linn: A bheith sláintiúil Ár n-aird a dhíriú ar rudaí agus SPRAOI a bheith againn! Is breá linn an ghníomhaíocht choirp!

  • ‘Seachtain Gníomhach Scoile’

 (Meitheamh) Tá ‘thuilleadh eolais ar fáil sa bhosca thíos maidir le seo.

Comhphairtíochtaí

‘Siad tuismitheoirí agus caomhnóirí ár ndaltaí i nGaelscoil an Teaghlaigh Naofa ár bpríomh-pháirtnéirí i ngach gné den oideachas. Tacaíonn siad do na h-imeachtaí uile a bhíonn ar bhonn sa scoil, cursaí Chorp Oideachais & gníomhaíocht choirp san áireamh. Tacaíonn siad dá leanaí nuair atá na h-imeachtaí éagsúla ar siúl, spreagann siad iad & cabhraíonn siad leo, tacaíonn siad leis an obair bhaile gníomhach & glacann siad féin páirt ‘sna dúshláin cuí chomh maith.

Tá naisc sheanbhunaithe againn leis le clubanna áitiúla agus le heagraíochtaí áitiúla gníomhaíocht choirp m.sh Club CLG Bhaile Féitheán, Club CLG Naomh Fhionnbarra (Na Barrs) & An Roinn Spóirt i gColáiste Stiofán Naofa. Oibríonn an scoil le Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt (LSP) sa cheantar & leis an Oifigeach Áitiúil Rannpháirtíochta sa Spórt do Dhaoine faoi Mhíchumas chun imeachtaí a chur chun cinn.

Rinneadh suirbhé ar na daltaí maraon le tuismitheoirí agus caomhnóirí chun a dtuairimí & a mholtaí a chlos faoi cheisteanna a bhaineann le Corpoideachas/gníomhaíocht choirp. Tá deis ag daltaí a dtuairimí a nochtadh faoi na seansanna atá ann do ghníomhaíocht choirp agus faoina soláthar sa scoil tríd an Coiste Gníomhach, Comhairle na nDaltaí & an bosca moltaí.

Tugtar aitheantas do na gaiscí a bhaineann muintir na scoile amach sa ghníomhaíocht choirp agus déantar ceiliúradh orthu.

Cuireann an scoil imeachtaí áitiúla i ngníomhaíocht choirp chun cinn agus glacann sí páirt iontu m.sh. Sciath na Scol, Street Leagues, Rith Páirce/Rith Shóisearach Páirce &rl. Le linn Seachtain Scoil Ghníomhach nó ag amanna eile sa scoilbhliain, fáiltímid roimh chlubanna áitiúla spóirt/ar sholáthraithe gníomhaíocht choirp teacht chuig do scoil chun labhairt leis na daltaí & seisiún a sholáthar a thabharfadh blaiseadh do na daltaí faoin gcineál ruda atá ar siúl acu. Chuireamar fáilte is fiche roimh na Gardaí Pobail chun seisiúin spóirt a eisciú le chéile dos na h-ard ranganna. Is breá linn úsáid a bhaint as na háiseanna poiblí do ghníomhaíocht choirp/áiteanna nádúrtha timpeall na scoile m.sh. Páirc na mBuaircíní, An Loch & rl. chun gníomhaíocht choirp a chur chun cinn.

Féach thíos cairt dos na clubanna spóirt áitiúla lena mbaineann ár ndaltaí:

Seachtain Gníomhach Scoile
  • Seachtain Ghníomhach Scoile

Céiliúraimid Seachtain Gníomhach gach bliain i mí an Meithimh & bíonn sé ar cheann dos na seachtainí is taitneamhaí sa scoilbhliain! Cuid dos na gníomhaíochtaí spraoíúla a bhíonn ar siúl againn ná: Lá Spóirt, Cluichí éagsúla, Dúshlán Reatha, Dúshlán Scipeála, Rince, Yoga, Cluichí sa Bhaile, Siúlóid Cailce, Dúshláin deartha ag an gCoiste, Sábháilteacht Uisce, Bac-Chúrsa, Cuairteanna ó foirne/clubanna áitiúla &rl.

 

 

Eolas/Pictiúirí

Clár Ama

Fearas Spóirt

 

Eolas/Pictiúirí

 

                               

Eolas/Pictiúirí

                                            

Eolas/Pictiúirí

     


Active Schools Flag News

Coiste na Scoile Gníomhaí

Poster for PE Learning at home

Your Title Goes Here

Your content goes here. Edit or remove this text inline or in the module Content settings. You can also style every aspect of this content in the module Design settings and even apply custom CSS to this text in the module Advanced settings.