Is scoil ghlas í Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa a bhfuil ceithre bhrat glas tuillte aici le blianta beaga anuas.
An aidhm atá le Clár na Scoileanna Glasa ná daoine óga a spreagadh chun dul i mbun a dtimpeallachta trí deis a thabhairt dóibh é a chosaint go gníomhach, feasacht timpeallachta a chur chun cinn sna daltaí agus go mbeadh siad in ann an feasacht sin a roinnt le dhaoine eile sa sochaí. Tosaíonn sé sa seomra ranga, leathnaíonn sé tríd na scoile agus cothaíonn sé athrú sa phobal i gcoitinne.
Táimid an-bhródúil as na bratacha glasa go léir atá buaite againn le blianta beaga anuas. Bímid ag obair linn go dian i gcónaí chun timpeallacht glan, sábháilte a chothú d’ár leanaí anseo i nGaelscoil an Teaghlaigh Naofa.