Solátharaíonn múinteoirí na scoile Club Obairbhaile sa scoil ceithre thráthnóna sa tseachtain, Luan go Déardaoin, óna 2.30i.n. – 3.30 i.n. Is deis iontach í seo do pháistí Ranganna 3- 6 an obairbhaile a dhéanamh faoi threoir an mhúinteora. Bíonn an-éileamh i gcónaí ar an gClub. Más suim leat do pháiste a chlárú, cuir glaoch ar an oifig.