Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa
Fáilte ón bPríomhoide

Mar Phríomhoide Ghaelscoil an Teaghlaigh Naofa is mian liom fáilte a chur romhaibh chuig ár suíomh idirlíon agus chun na scoile chun seal a chaitheamh linn ag foghlaim faoinár scoil iontach anseo ar imeall chathair Chorcaí. Sa suíomh seo, geobhfar blaise den taithí a bhíonn ag ár ndaltaí le linn a dtréimhse linn sa scoil mar dhaltaí, mar scoláirí agus mar bhaill lárnaigh d’ár bpobal scoile.

I nGhaelscoil an Teaghlaigh Naofa, fáiltímid roimh gach leanbh isteach i dteaghlach na scoile agus tacaímid dóibh d’fhonn barr a gcumais a bhaint amach go hacadúil, go pearsanta agus go sóisialta. Leagtar an-bhéim ar an nGaeilge mar bhunchloch d’ár n-oidhreacht agus cuirtear béim chomh maith ar an gcultúr a chothú, a cheiliúradh ‘s a neartú i ngach páiste, i dteannta le meas ar an eagsúlacht atá sa scoil agus sa saol mórthimpeall orainn. Is faoi phátrúntacht Easpag Chaitleachach Chorcaí agus Rois atá an scoil ach tá mór-fáilte roimh gach páiste, cuma cén creidimh nó gan creideamh, isteach inár dteaghlach scoile.

Táimid an-bhródiúil as ár scoláirí, ár scoil agus as an gcaidreamh iontach co-oibríoch atá againn leis na tuismitheoirí, caomhnóirí, an pobal máguaird i mBaile Féitheán agus pobail uile na scoile a bhíonn ag feidhmiú as lámha a chéile. Ní neart go cur le chéile, is fíor. Is mean linn, thar aon ní eile, go mbeidh ár bpáistí sona agus sábháilte agus iad ag fás, ag foghlaim agus ag forbairt linn i nGaelscoil an Teaghlaigh Naofa. Mairimid de réir briathar ár manna – Mol an óige ‘s tiocfaidh sí.

Seo libh anois agus bainigí sult as bhur gcuairt.

Príomhoide: Máire Ní Nuanáin