Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa
HSCL & DEIS

HSCL

Féachann an Scéim Idirchaidrimh Pobail Baile-Scoile (HSCL) le comhpháirtíocht a chothú agus a chur chun cinn idir thuismitheoirí agus an scoil. ‘Sé aidhm na comhpháirtíochta seo ná deiseanna foghlama na ndaltaí a fheabhsú agus daltaí a choimeád sa chóras oideachais. Ina theannta sin, leagann an Scéim HSCL béim mhór ar chomhoibriú leis an bpobal áitiúil agus an scoil a bheith páirteach i saol an phobail agus an pobal agus a gníomhaireachtaí a bheith páirteach i saol na scoile.

I nGaelscoil an Teaghlaigh Naofa, oibríonn ár HSCL, leis na tuismitheoirí / caomhnóirí, in éineacht leis na múinteoirí agus leis an bpobal i gcoitinne chun deiseanna foghlama na bpáistí a fheabhsú agus chun tinreamh, rannpháirtíocht a chur chun cinn chomh maith le agus coinneáil ar scoilréimhse an dalta sa chóras oideachais a threisiú .

Tugann an HSCL cuairt ar thuismitheoirí / chaomhnóirí ina dtithe féin chun oibriú, cabhrú agus gníomhú mar thacaíocht maidir le h-aon bac a d’fhéadfadh cur isteach shaol scoile an linbh.

Eagraíonn an HSCL ranganna agus cúrsaí do dhaoine fásta i bpobal na scoile. Tá na ranganna seo saor in aisce do chách. Oibríonn an HSCL le h-eagraíochtaí eile an phobail leis, m.sh. Príomhoidí, Múinteoirí Ranga, scoileanna eile sa cheantar áitiúil, foireann an Chláir Críochnaithe Scoile (SCP), Oifigeach Leasa Oideachais, MABS, St Vincent De Paul & rl.

Téigh i dteagmháil lenár HSCL Niamh Ní Chinnéide ar 087 4044662.

 

DEIS 

Tá Comhionannas Deiseanna a Sheachadadh i Scoileanna nó DEIS (Delivering Equality of Opportunity in Schools) dírithe ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais oideachais leanaí agus daoine óga ó phobail faoi mhíbhuntáiste. Tá sé bunaithe ar an bprionsabal go bhfuil an deis chéanna tuillte ag gach leanbh agus duine óg deis oideachais a chomhlíonadh, páirt a ghlacadh ann agus leas a bhaint as; gur cheart go mbeadh an deis ag gach duine a lánacmhainneacht oideachais a bhaint amach agus go bhfuil oideachas ina fhachtóir ríthábhachtach chun cuimsiú sóisialta agus forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn.