Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa
Imeachtaí Scoile

Tá an-réimse imeachtaí breise ar fáil sa scoil. Spreagtar na páistí chun triail agus taitneamh a bhaint astu.

 

Spórt:

Baineann na páistí taitneamh as Peil, Iomáint, Camógaíocht, Rugbaí, Leadóg, Snámh, Damhsa, Aclaíocht, Litríocht Fisiciúil agus iliomad rudaí eile i rith na scoilbliana.

Is féidir páirt a ghlacadh i dtraenáil iomána/camógaíochta agus peile tar éis am scoile i rith na bliana. Glacann na fóirne páirt i Scíth na Scol Chorcaí gach bliain.

Bíonn ranganna snámha de ghnáth i rith Téarma 2 do Ranganna 3- 6.

 

Ceol:

Bíonn ranganna ceoil sa scoil gach seachtain ina bhfoghlamaíonn páistí Feadóg Stáin. Tá Banna Ceoil na Scoile sa scoil ina mbíonn an veidhlín, an fheadóg stáin, an giotár agus an bodhrán á sheinnt.

 

Cór :

Bíonn ceol binn an chóir le cloisint go minic timpeall na scoile agus ag ócáidí céiliúrtha na scoile. Ranganna 4 – 6 de ghnáth a ghlacann páirt, faoi stiúr Mhúinteoirí Aoife Ní Chnoic & Louise Ní Cheallacháin.

 

Drámaíocht:

Bíonn Ranganna Rince Drámaíochta go seachtaniúil sa scoil.

 

Gairdín na Scoile:

Tá an-obair déanta ar ár ngairdín scoile le cupla bliain anuas agus táimis an-mórtasach as. Is tionscanamh leanúnach é le daltaí, tuismitheoirí, caomhnóirí agus pobal uile na scoile ag obair i lámh a chéile faoi stiúir Múinteoir Síle Ní Dhonaíle.

 

Club na nÓg:

Is Club iar-scoile do Naíonáin le deirfiúr nó deartháir acu i Ranganna 1- 6 i nGaelscoil an Teaghlaigh Naofa í Club na n-Óg. Bíonn an club ar fáil ar chostas, ó 1.30i.n go 2.30i.n Luan – Aoine dóibh siúd a chuireann áit in áirithe roimh ré trí glaoch a chur ar an oifig.

 

Club Obair Bhaile:

Solátharaíonn múinteoirí na scoile Club Obairbhaile sa scoil ceithre thráthnóna sa tseachtain ó Luan go Déardaoin, ó 2.30i.n. – 3.30 i.n. Is deis iontach í seo do pháistí Ranganna 3- 6 an obairbhaile a dhéanamh faoi threoir an mhúinteora. Bíonn an-éileamh i gcónaí ar an gClub. Más suim leat do pháiste a chlárú, cuir glaoigh ar an oifig.