Baineann na páistí taitneamh as Peil, Iomáint, Camógaíocht, Rugbaí, Leadóg, Snámh, Damhsa, Aclaíocht, Litríocht Fisiciúil agus iliomad rudaí eile i rith na scoilbliana.
Is féidir páirt a ghlacadh i dtraenáil iomána/camógaíochta agus peile tar éis am scoile i rith na bliana. Glacann na fóirne páirt i Scíth na Scol Chorcaí gach bliain.
Bíonn ranganna snámha i rith Téarma 2 do Ranganna 3- 6.
Is breá linn a bheith gníomhach sa scoil agus déanann gach rang gníomhaíochtaí fisiciúla de réir ár bplean scoile & ár bplean i leith Scoileanna Gníomhacha. Bíonn Briseanna Gníomhacha go minic, Dúshlán Rith Timpeall na hÉireann ina riteatar fad áirithe agus céiliúraimid an fhollántacht agus an ghníomhaíocht corpach i rith Seachtain Ghníomhach i mí an Mheithimh gach bliain.