Is sa bhliain 1959 a bunaíodh scoil don chéad uair ar an láthair ina sheasann Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa.‘Sna blianta tosaigh aige mar scoil, d’fhreastal ‘Holy Family Boys’ National School’, mar a thugadh air ag an am, ar bhuachaillí Bhaile Féitheán agus an ceanntar maguaird. Bhí Denis Murphy ina phríomhoide ar an scoil go dtí 1988 nuair ceapadh Máirín Tóibín mar phríomhoide na scoile.
Faoi stiúir Mháirín mar phríomhoide agus Kitty Hussey mar leas-phríomhoide, bheartaigh an Bord Bainistíochta gur mar Ghaelscoil a leanfadh an scoil as sin amach. An bunchloch ar a tógadh Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa ná ‘Mol An Óige Is Tiocfaidh Sí’. Le tacaíocht ó thuismitheoirí agus ó fhoireann na scoile, céim ar chéim, rang ar rang, díríodh isteach ar an nGaeilge mar theanga cumarsáide na scoile. Bunscoil lán-Ghaeilge do chailíní agus do bhuachaillí Bhaile Féitheán, chathair Chorcaí agus go fada fairsing a bhí agus atá fós ann.
D’imigh an scoil ó neart go neart ‘sna blianta a d’imigh is a tháinig ó shin agus mhéadaigh líon na ndaltaí. Faoi threoir an Bhoird Bainistíochta, na príomhoidí, na fóirne agus le síor-thacaíocht agus co-oibriú na dtuismitheoirí agus na gcaomhnóirí, d’fhás agus d’fhorbair an scoil. As lámh a chéile i gcónaí a d’oibrigh agus a oibríonn pobal scoile Ghaelscoil an Teaghlaigh Naofa chun leas na scoile agus leasa na leanaí atá faoínár gcúram a chur chun cinn. ‘Mol An Óige Is Tiocfaidh Sí’.
Príomhoidí Na Scoile |
Leaspríomhoidí Na Scoile |
Denis Murphy |
Kitty Hussey |
Máirín Tóibín |
Seán Ó Fathaigh |
Seán Ó Fathaigh |
Siobhán Ní Bhric |
Siobhán Ní Bhric |
Eibhlín Uí Chonchubhair |
Máire Ní Nuanáin |
Elaine Uí Dhuinneacha |