Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa
An Scoil

Tá Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa suite go lárnach i mBaile Féitheáin, Bóthar na mBuaircíní i gCorcaigh. Is Gaelscoil mheascaithe í an scoil, mar sin múintear na hábhair go léir trí mheán na Gaeilge (ach amháin Béarla) agus ‘sí an Ghaeilge ár dteanga cumarsáide laethúil. Tá breis is 220 dalta ar an rolla againn agus glacaimid le páistí ó Naíonáin Bheaga go Rang a Sé.

‘Sé “Mol an óige agus tiocfaidh sí” an mana atá againn. Ar an mbunchloch sin atá fealsúnacht na scoile seo bunaithe. Tá cultúr foghlamtha gníomhach anseo i nGaelscoil an Teaghlaigh Naofa idir mhúinteoirí, dhaltaí agus thuismitheoirí agus tugtar go fonnmhar faoin bhfoghlaim. Táimid mórtasach as ár dteanga, n-oidhreacht Ghaelach agus as an chultúr i gcoiteann agus tá sé seo le feiscint in éiteas na scoile.

Gnéithe tábhachtacha de shaol na scoile ná na healaíona agus cúrsaí spóirt. Tá traidisiún shaibhir drámaíochta agus ceoil anseo againn. Tá an-dúil againn freisin i gcúrsaí spóirt. Glacaimid páirt gach bliain i bhFeis Maitiú, Sciath na Scol, Lúthchleasa Chorcaí, Iomáint Cois Locha, Comórtas Scoile Oidhreacht Chorcaí (Discover Cork Schools Heritage Project), Scór na bPáistí agus go leor eile lena chois agus is minic sinn ag tabhairt Corn na gCuarach linn d’ár saothair. Tá Cór na Scoile gníomhach in imeachtaí córúil gach bliain. Tá banna ceoil traidisiúnta thar barr againn le ranganna ceoil gach seachtain agus tá deis iontach ag na daltaí páirt ghlacadh sa Barrack St. Brass Band le cabhair ó Music Generation.

dearbhnasc ag Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa leis an bpobal áitiúil. Tá an t-ádh linn go dtagann traenálaithe ó chlub CLG na Barrs chugainn chun scileanna spóirt na daltaí a fhorbairt. Is cuairteoirí rialta sinn go Halla an Phobail idir thraenáil agus cuairteanna a thabhairt ar Ionad na Seanóirí. Tugaimid cuairt ar ár leabharlann suntasach áitiúil gach coicíos agus baineann na daltaí an-taitneamh agus tairbhe as. Tá an-bhéim ar an litríocht sa scoil dar nóigh. Glacann na páistí páirt gach bliain sa togra Scríobh Leabhar, san MS Readathon agus bíonn Aonach Leabhar sa scoil againn a eagraíonn Rang a 6 ar bhonn bliantúil go h-an éifeachtach ar fad.

Coiste Glas na scoile an-ghníomhach againn agus táimid an-bhródúil as na ceithre Bratacha Glasa a thuilleamar thar na blianta beaga. Is Scoil Ghníomhach sinn agus bíonn béim i gcónaí ar an tairbhe agus taitneamh a bhaint as an ngníomhaíocht coirp rialta. Is Scoil Chothaithe Sláinte an scoil freisin agus cúrsaí sláinte sa scoil á chur chun cinn i gcónaí againn chun go mbeadh Gaelscoil an Teaghlaigh Noafa ina scoil ina neartaítear i gcónaí ar a cumas ‘bheith mar shuíomh sláintiúil le foghlaim agus le hoibriú inti. Chuige seo tugtar san áireamh na gnéithe fisiciúla, sóisialta, mothúchánach, meabhrach agus spioradálta a bhaineann léi.

Táimid an-bhródúil as ár scoil, as ár ndaltaí agus as ár bhfoireann scoile uile. Teastaíonn uainn, thar aon ní eile, go mbeidh pobal uile na scoile sona, sásta, sláintiúil agus sábhálta le linn a dtréimhse i nGaelscoil an Teaghlaigh Naofa. Tá sé mar aidhm againn i gcónaí oideachas iomlánaíoch a sholáthar dár ndaltaí agus bímid de shíor ag iarraidh eispéiris nua a sholáthar dóibh ionas go mbainfidh siad a lánacmhainneacht amach mar dhaoine óga muiníneacha, slána faoin am a chríochnóidh siad a gcuid oideachais bunscoile agus a dtréimhse linn i Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa.

Ní neart go cur le chéile!